
Death : Ó hÓGÁIN, Deaglan
Ó HÓGÁIN (Cluain Sceach, Baile Átha Cliath) - 29 Samhain 2013, i gClinic na Carraige Duibhe, Déaglán. Céile ionúin Ríonach agus athair grámhar Thuala, MhicDara agus Chonaill. Méala mór a bhás dá theaghlach, dá dheirfiúr Mairéad Martin, dá ghaolta agus dá chairde uilig. Suaimhneas síoraí dá anam. Aistreofar a chorp amárach (Dé Máirt) chuig Séipéal an Chroí Ró-Naofa, Domhnach, á shroichint ag 11.15 am le haghaidh Aifreann na Sochraide ag 11.30. Cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Sheangánaí. Bláthanna teaghlaigh amháin. Síntiús ina áit chuig Camphill Community, Dunshane, Co. Chill Dara. Teach príobháideach. Laoch ar lár.
Published in the Irish Times on 1st December 2013.