Quantcast
Viewing all articles
Browse latest Browse all 41018

Death : Ó SÚILLEABHÁIN, Dónal

Image may be NSFW.
Clik here to view.

Ó SÚILLEABHÁIN, Dónal, M.A.O., F.R.C.O.G., F.R.C.S.E., (Cnoicín, Bothar an Mhuillinn, Corrbhaile, Luimneach, agus Imileá, Baile an Fheirtéaraigh, Co Ciarraí, fé shuaimhneas Dé, Eanair 28 2014, iar.Lia Ban, Ospidéal, Réigiúnach an Mheáin Iarthar, Luimneach. Méala mór a bhás d'á bhean céile dílis, Anne, d'á iníonacha, Orla, Sibéal, Niamh agus Derbhla, d'á dheartháir Breandán, mic céile, clann a chlainne agus a ghaolta is a chairde uile. Imithe roimis ar Shlí na Fírinne, a mhac ionúin Dubhghlas, a dheirfiúracha Bríde, Máire agus Siobhán, agus a dheartháir Micheál. Shroichfidh an tsochraid Séipéal Choláiste Mhainchín Naofa, Corrbhaile, le h-aghaidh Aifreann na Mairbh ag 12.00 meán lae, Dé hAoine, 31 Eanair 2014. Adhlacadh ina dhiaidh sin i Reilig Cill Mhuire, Caladh an Treoigh, Luimneach. Buíochas ó chroí le foireann Teach Altranais Corrbhaile, áit a raibh Dónal le seachtainí beaga anuas, agus le Cumann Alzeimers Luimní. Bláthanna clainne amháin. Más mian, siúntiúisí chuig Cumann Alzeimers na hÉireann. 'Ní imithe uainn, ach romhainn.'

Published in the Irish Times on 29th January 2014.


Viewing all articles
Browse latest Browse all 41018

Trending Articles



<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>